Tá 29 páiste i Naoíonáin Mhóra Eimear. Bíonn muid ag spraoi agus ag léamh ar maidin. Bíonn muid ag péinteáil agus ag scríobh freisin. Tá muid ag dul ag Babaró amárach ar an mbus. Tá muid ag súil go mór leis. Tá Oíche Shamhna ag teacht. Beidh muid ag gléasadh suas. Gabhfaidh muid ó theach go teach Oíche Shamhna. Gheobhaidh muid milseáin!!
